|
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/52 |
Airteagal 225
Tarraingíodh an Conradh seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, san Iodáilis agus san Ollainnis, agus comhúdarás ag gach ceann de na ceithre théacs; taiscfear é i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile, agus cuirfidh an Rialtas sin cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann eile de Stáit a shínithe.
De bhun na gConarthaí Aontachais, is téacsanna údarásacha iad freisin na leaganacha den Chonradh seo sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Ghaeilge, sa Ghréigis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris.