|
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/49 |
Airteagal 197
Chun críocha an Chonartha seo:
|
1. |
Ciallaíonn “ábhair inscoilte speisialta” plútóiniam-239; úráiniam-233; úráiniam saibhrithe in úráiniam-235 nó úráiniam-233; aon substaint ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na hiseatóipí roimhe seo agus cibé ábhair inscoilte eile a shonróidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún; níl bunábhair ar áireamh, áfach, sa téarma “ábhair inscoilte speisialta”. |
|
2. |
Ciallaíonn “úráiniam saibhrithe in úrainiam-235 nó úráiniam-233” úráiniam ina bhfuil an cion sin d'úráiniam-235 nó d'úráiniam-233, nó den dá cheann, a thabharfaidh gur mó an coibhneas líonmhaireachta idir suim na n-iseatóipí sin agus iseatóip 238 ná an coibhneas atá sa nádúr idir iseatóip 235 agus iseatóip 238. |
|
3. |
Ciallaíonn “bunábhair” úráiniam ina bhfuil an meascán iseatóipí atá sa nádúr; úráiniam ar lú ná an normal an cion d'úráiniam-235 atá ann; tóiriam; aon cheann de na hábhair roimhe seo i bhfoirm miotail, cóimhiotail, comhdhúile ceimicí nó tiubhachain; substaint ar bith eile ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na hábhair roimhe seo i dtiubhachan mar a shonróidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún. |
|
4. |
Ciallaíonn “mianta” aon mhian ina bhfuil, i meántiubhachán mar a shonróidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, substaintí ar féidir na bunábhair a shainítear thuas a fháil astu tríd an bpróiseáil cheimiceach agus fhisiciúil is iomchuí. |