7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/46 |
Airteagal 188
Beidh dliteanas conarthach an Chomhphobail faoi rialú ag an dlí a bhaineann leis an gconradh atá i gceist.
I gcás dliteanas neamhchonarthach, déanfaidh an Comhphobal, de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a sheirbhísigh ina siocair leis ag comhlíonadh a ndualgas dóibh.
Beidh dliteanas pearsanta a sheirbhísigh i leith an Chomhphobail faoi rialú ag na forálacha a bheidh leagtha síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta a bhaineann leo.