|
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/31 |
Airteagal 75
Ní bhainfidh forálacha na Caibidle seo le hoibleagáidí maidir le próiseáil, claochlú nó cumadh mianta, bunábhar nó ábhar inscoilte speisialta a ndeachthas fúthu:
|
(a) |
idir daoine nó gnóthais éagsúla, má bhíonn an t-ábhar le teacht ar ais chuig an duine nó an gnóthas bunaidh, tar éis é a phróiseáil, a chlaochlú nó a chumadh; nó |
|
(b) |
idir duine nó gnóthas agus eagraíocht idirnáisiúnta nó náisiúnach de thríú Stát i gcás an t-ábhar a phróiseáil, a chlaochlú nó a chumadh lasmuigh den Chomhphobal agus é a chur ar ais ansin chuig an duine nó an gnóthas bunaidh; nó |
|
(c) |
idir duine nó gnóthas agus eagraíocht idirnáisiúnta nó náisiúnach de thriú Stát i gcás an t-ábhar a phróiseáil, a chlaochlú nó a chumadh laistigh den Chomhphobal agus é a chur ar ais ansin chuig an eagraíocht nó an náisiúnach bunaidh nó chuig aon choinsíní eile lasmuigh den Chomhphobal a d'ainmneodh an eagraíocht nó an náisiúnach sin. |
Ar a shon sin, cuirfidh na daoine agus na gnóthais lena mbaineann in iúl don Ghníomhaireacht go bhfuil na hoibleagáidí sin ann agus, a luaithe a shíneofar na conarthaí, na cainníochtaí den ábhar lenar bhain na gluaiseachtaí sin. Féadfaidh an Coimisiún cosc a chur leis na hoibleagáidí dá dtagraítear i bhfomhír (b) a ghabháil de láimh má mheasann sé nach féidir an claochlú nó an cumadh a dhéanamh go héifeachtúil sábháilte agus gan caillteanas ábhair chun aimhleas an Chomhphobail.
Beidh na hábhair lena mbaineann na hoibleagáidí sin faoi réir na gcoimircí atá leagtha síos i gCaibidil 7 i gcríocha na mBallstát. Ní bhainfidh forálacha Chaibidil 8 áfach, le hábhar inscoilte speisialta a chuimsítear sna hoibleagáidí dá dtagraítear i bhfomhír (c).