7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/20 |
Airteagal 37
Soláthróidh gach Ballstát don Choimisiún na sonraí ginearálta maidir le haon phlean chun iarmhar radaighníomhach a dhiúscairt, is cuma cad é a fhoirm, le go bhféadfar a chinntiú an bhfuil baol ann go dtiocfadh den phlean sin a chur i ngníomh go mbainfeadh truailliú radaighníomhach d'uisce, d'ithir nó d'aerspás Ballstáit eile.
Tar éis dó dul i gcomhairle leis an ngrúpa saineolaithe dá dtagraítear in Airteagal 31, tabharfaidh an Coimisiún a thuairim laistigh de shé mhí.