|
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/15 |
Airteagal 24
Aon fhaisnéis a gheobhaidh an Comhphobal de thoradh a chláir thaighde agus ar bhaol go rachadh a nochtadh chun dochair do leasanna cosanta Ballstáit nó Ballstát, beidh sé faoi réir chóras slándála de réir na bhforálacha seo a leanas:
|
1. |
Ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, glacfaidh an Chomhairle le rialacháin slándála ina leagfar síos, ag féachaint d'fhoralácha an Airteagail seo, na gráid slándála éagsúla a bheidh le cur chun feidhme agus na bearta slándála is iomchuí do gach grád. |
|
2. |
I gcás ina measann an Coimisiún gur bhaol go rachadh sé chun dochair do leasanna cosanta Ballstáit nó Ballstát faisnéis áirithe a nochtadh, cuirfidh sé i bhfeidhm go sealadach ar an bhfaisnéis sin an grádú slándála is gá sa chás sin de réir na rialachán slándála. Cuirfidh sé an fhaisnéis sin i bhfios láithreach do na Ballstáit, agus déanfaidh siadsan a slándáil a áirithiú go sealadach sa tslí chéanna. Cuirfidh Ballstáit in iúl don Choimisiún laistigh de thrí mhí cé acu a theastaíonn uathu an grádú a cuireadh chun feidhme go sealadach a choimeád nó grádú eile a chur ina ionad nó an fhaisnéis a scaoileadh ó rúnaicmiú. Ar bheith caite don tréimhse sin, cuirfear chun feidhme an grádú is airde a iarradh. Tabharfaidh an Coimisiún fógra da réir sin do na Ballstáit. Ar an gCoimisún nó Ballstát á iarraidh sin, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aontoil, grádú eile a chur chun feidhme nó an fhaisnéis a scaoileadh ó rúnaicmiú tráth ar bith. Gheobhaidh an Chomhairle tuairim an Choimisiúin sula ndéanfaidh sí aon bheart ar iarratas ó Bhallstát. |
|
3. |
Ní bhainfidh forálacha Airteagail 12 agus 13 le faisnéis atá faoi ghrádú slándála. Ar a shon sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na bearta slándála is iomchuí,
|