|
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/14 |
Airteagal 21
Mura dtáirgfidh an sealbhóir go ndéanfaí an t-ábhar a tharchur chun an Choiste Eadrána, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann nó ar a údaráis iomchuí an ceadúnas a dheonú nó a chur faoi deara é a dheonú.
Más rud é, ar chás an tsealbhóra a éisteacht, go measfaidh an Ballstát, nó a údaráis iomchuí, nár comhlíonadh coinníollacha Airteagal 17, cuirfidh sé in iúl don Choimisiún go ndiúltaíonn sé an ceadúnas a dheonú nó a chur faoi deara é a dheonú.
Má dhiúltaíonn sé an ceadúnas a dheonú nó a chur faoi deara é a dheonú, nó más rud é, laistigh de cheithre mhí ó dháta an iarratais, nach bhfuil aon eolas á thabhairt i dtaobh dheonú an cheadúnais, beidh dhá mhí ag an gCoimisiún chun an t-ábhar a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Ní foláir éisteacht a thabhairt don sealbhóir sna himeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Má shuíonn breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur comhlíonadh coinníollacha Airteagal 17, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann nó a údaráis iomchuí cibé bearta is gá chun an breithiúnas sin a chur i bhfeidhm.