|
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/13 |
Airteagal 20
Féadfaidh an sealbhóir, laistigh de mhí tar éis an fógra atá luaite in Airteagal 19 a fháil, a thairiscint don Choimisiún agus, más iomchuí, don iarratasóir, comhaontú speisialta a dhéanamh an t-ábhar a tharchur chun an Choiste Eadrána.
Má dhiúltaíonn an Coimisiún nó an t-iarratasóir an comhaontú sin a dhéanamh, ní fhéadfaidh an Coimisiún a éileamh ar an mBallstát ná ar a údaráis iomchuí an ceadúnas a dheonú ná a chur faoi deara é a dheonú.
Más rud é, ar an ábhar a tharchur chuige faoi chomhaontú speisialta, go bhfaighidh an Coiste Eadrána go bhfuil iarratas an Choimisiúin ag comhtheacht le forálacha Airteagal 17, tabharfaidh sé cinneadh réasúnaithe a dheonóidh an ceadúnas don iarratasóir agus a leagfaidh sios téarmaí an cheadúnais agus an íocaíocht ina leith, sa mhéid nach mbeidh na páirtithe tar éis teacht ar chomhaontú ar na pointí sin.