7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 203/12 |
Airteagal 17
1. Mura gcomhaontaítear go cairdiúil, féadfar ceadúnais neamh-eisiatacha a dheonú le headráin nó faoi chumhachtaí éigeantacha de réir Airteagail 18 go 23:
(a) |
don Chomhphobal nó do Ghnóthais Chomhpháirteacha dá dtugtar an ceart sin faoi Airteagal 48 maidir le paitinní, le cearta paitinne atá cosanta go sealadach nó le cuspaí áisiúlachta maidir le haireagáin a bhaineann go díreach le taighde núicléach, i gcás inar gá na ceadúnais sin a dheonú dóibh chun leanúint dá dtaighde féin nó nach féidir dóibh a suiteálacha féin a oibriú dá n-éagmais. Má iarrann an Coimisiún é, áireofar sna ceadúnais sin an ceart chun a údarú do thríú páirtithe úsáid a dhéanamh den aireagán, i gcás obair a bheith á déanamh nó orduithe á gcur i gcrích acu don Chomhphobal nó do na Gnóthais Chomhpháirteacha; |
(b) |
do dhaoine nó do ghnóthais a d'iarr iad ar an gCoimisiún i leith paitinní, cearta paitinne atá cosanta go sealadach, nó cuspaí áisiúlachta maidir le haireagáin a bhaineann go díreach le forbairt fuinnimh núicléach sa Chomhphobal, agus atá fíor-riachtanach don fhorbairt sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:
Ní cead do Bhallstáit, d'fhonn freastal do na riachtanais sin, feidhm a bhaint as aon bhearta comhéigeantacha dá bhforáiltear ina reachtaíocht náisiúnta agus a theorannóidh an chosaint a thugtar don aireagán, ach amháin ar an gCoimisiún dá iarraidh sin roimh ré. |
2. Ni fhéadfar ceadúnas neamheisiatach a dheonú mar a fhoráiltear i mír 1 mas féidir leis an sealbhóir a shuíomh go bhfuil fáthanna dlisteanacha ann, go háirithe nach raibh go leor ama aige chuige.
3. Tabharfaidh deonú ceadúnais faoi mhír 1 ceart chun lánchúitimh, a gcomhaontófar ar a mhéid idir sealbhóir na paitinne, an chirt phaitinne atá cosanta go sealadach nó an chuspa áisiúlachta agus an ceadúnaí.
4. Ni dhéanfaidh forálacha an Airteagail seo difear d'fhorálacha Choinbhinsiún Pháras chun Maoin Tionscail a Chosaint.