26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

391


CAIRT UM CHEARTA BUNÚSACHA AN AONTAIS EORPAIGH

TEIDEAL V

CEARTA NA SAORÁNACH

Airteagal 41

An ceart chun dea-riaracháin

1.   Tá ag gach duine an ceart go ndéanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a ghnóthaí nó a gnóthaí a láimhseáil go neamhchlaon, go cóir agus laistigh de thréimhse réasúnta.

2.   Folaíonn an ceart sin:

(a)

ceart gach duine chun éisteacht a fháil sula nglactar aon bheart leithleach i ndáil leis nó léi ar beart é a dhéanfadh dochar dó nó di;

(b)

ceart gach duine rochtain a fháil ar a chomhad nó a comhad, agus leasanna dlisteanacha rúndachta agus sicréideachta gairmiúla agus gnó á n-urramú ag an am céanna;

(c)

an oibleagáid atá ar an lucht riaracháin cúiseanna a thabhairt lena chinntí.

3.   I gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, tá ag gach duine an ceart go ndéanfaidh an tAontas aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a oifigigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.

4.   Féadfaidh gach duine scríobh chuig institiúidí an Aontais i gceann de theangacha na gConarthaí agus caithfidh sé nó sí freagra a fháil sa teanga chéanna.