26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR AN AONTAS EORPACH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

TEIDEAL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

CAIBIDIL 2

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

ROINN 2

FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA

Airteagal 43

1.   Beidh san áireamh ar na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 42(1), a bhféadfaidh an tAontas úsáid a bhaint as meáin shibhialta agus mhíleata lena linn, oibríochtaí comhpháirteacha dí-armála, cúraimí daonnúla agus tarrthála, cúraimí comhairle agus cúnaimh míleata, cúraimí a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc agus cúraimí síochánaíochta, cúraimí fórsaí comhraic le linn bainistíochta géarchéime, lena n-áirítear an tsíocháin a dhéanamh agus an cobhsú iarchoinbhleachta. Féadfaidh na cúraimí sin uile rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta, go fiú trí thacú le tríú tíortha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac ar a gcríocha.

2.   Glacfaidh an Chomhairle cinntí maidir leis na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 lena saineofar a gcuspóirí agus a raon feidhme agus na coinníollacha ginearálta lena gcur chun feidhme. Áiritheoidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, ag gníomhú dó faoi údarás na Comhairle agus i ndlúth-thadhall buan leis an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, go ndéanfar comhordú ar ghnéithe sibhialta agus míleata na gcúraimí sin.