26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR AN AONTAS EORPACH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

TEIDEAL V

FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

CAIBIDIL 2

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

ROINN 1

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 28

(sean-Airteagal 14 CAE)

1.   Nuair a éileoidh an staid idirnáisiúnta gníomhaíocht oibríochtúil ag an Aontas, glacfaidh an Chomhairle na cinntí is gá. Leagfar síos iontu na cuspóirí atá leo, a raon feidhme, na hacmhainní a chuirfear ar fáil don Aontas, a ré más gá, agus na coinníollacha maidir lena gcur chun feidhme.

Má tharlaíonn athrú sna himthosca a bhfuil éifeacht shuntasach aige ar cheist atá ina ábhar do chinneadh, déanfaidh an Chomhairle prionsabail agus cuspóirí an chinnidh sin a athbhreithniú agus glacfaidh sí na cinntí is gá.

2.   Beidh na cinntí dá dtagraítear i mír 1 ina gceangal ar na Ballstáit sna seasaimh a ghlacfaidh siad agus i seoladh a ngníomhaíochta.

3   Aon uair a bheartaítear seasamh náisiúnta a ghlacadh nó gníomhaíocht náisiúnta a dhéanamh de bhun chinnidh dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Ballstát i dtrácht faisnéis ar fáil in am ionas gur féidir, más gá, comhairle a ghlacadh roimh ré i dtionól na Comhairle. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid eolas a chur ar fáil roimh ré maidir le bearta nach mbeidh iontu ach trasuí náisiúnta ar chinntí na Comhairle.

4.   I gcás géar-riachtanais a bhaineann le hathruithe ar an staid agus mura mbeidh an t-athbhreithniú déanta ar an gcinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh ar bhonn práinne, ag féachaint do chuspóirí ginearálta an chinnidh sin. Cuirfidh an Ballstát i dtrácht an Chomhairle ar an eolas láithreach faoi aon bheart den sórt sin.

5.   I gcás mórdheacrachtaí maidir le cinneadh dá dtagraítear san Airteagal seo a chur chun feidhme, cuirfidh Ballstát na deacrachtaí os comhair na Comhairle a dhéanfaidh iad a phlé agus réitigh iomchuí a lorg. Ní féidir leis na réitigh sin bheith bunoscionn le cuspóirí an chinnidh dá dtagraítear i mír 1 ná a éifeachtúlacht a dhochrú.