26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


DEARBHUITHE

A CUIREADH I gCEANGAL LE hIONSTRAIM CHRÍOCHNAITHEACH NA COMHDHÁLA IDIR-RIALTASAÍ A GHLAC CONRADH LIOSPÓIN

arna shíniú an 13 Nollaig 2007

C.   DEARBHUITHE Ó BHALLSTÁIT

56.   Dearbhú ó Éirinn maidir le hAirteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais

Daingníonn Éire a tiomantas don Aontas mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais a urramaíonn cearta bunúsacha agus córais dlí éagsúla agus traidisiúin éagsúla na mBallstát agus ina gcuirtear ardleibhéal sábháilteachta ar fáil do na saoránaigh.

Dá réir sin, dearbhaíonn Éire go bhfuil sé de rún daingean aici a ceart a fheidhmiú, faoi Airteagal 3 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, chun bheith rannpháirteach i nglacadh beart de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a mhéid a mheasann sí is féidir.

Beidh Éire, go háirithe, rannpháirteach a mhéid is féidir i mbearta i réimse an chomhair phóilíneachta.

Fairis sin, meabhraítear d'Éirinn gurb amhlaidh, i gcomhréir le hAirteagal 8 den Phrótacal, go bhféadfaidh sí fógra a thabhairt i scríbhinn don Chomhairle nach mian léi a thuilleadh a bheith folaithe ag téarmaí an Phrótacail. Tá sé d'intinn ag Éirinn oibriú na socruithe sin a athbhreithniú laistigh de thrí bliana ó theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin.