26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


DEARBHUITHE

A CUIREADH I gCEANGAL LE hIONSTRAIM CHRÍOCHNAITHEACH NA COMHDHÁLA IDIR-RIALTASAÍ A GHLAC CONRADH LIOSPÓIN

arna shíniú an 13 Nollaig 2007

A.   DEARBHUITHE A BHAINEANN LE FORÁLACHA NA gCONARTHAÍ

41.   Dearbhú maidir le hAirteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Dearbhaíonn an Chomhdháil gur tagairt do na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 3(2) agus (3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus do na cuspóirí in Airteagal 3(5) den Chonradh sin i ndáil le gníomhaíocht sheachtrach de bhua Chuid a Cúig den Chonradh ar an Aontas Eorpach an tagairt do chuspóirí an Aontais atá in Airteagal 352(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ní féidir nach bhféachfadh aon ghníomhaíocht atá bunaithe ar Airteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh le cuspóirí eile a shaothrú chomh maith leis na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 3(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I dtaca leis sin, tugann an Chomhdháil dá haire nach bhféadfar, i gcomhréir le hAirteagal 31(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gníomhartha reachtacha a ghlacadh i réimse an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála.