26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


DEARBHUITHE

A CUIREADH I gCEANGAL LE hIONSTRAIM CHRÍOCHNAITHEACH NA COMHDHÁLA IDIR-RIALTASAÍ A GHLAC CONRADH LIOSPÓIN

arna shíniú an 13 Nollaig 2007

A.   DEARBHUITHE A BHAINEANN LE FORÁLACHA NA gCONARTHAÍ

9.   Dearbhú maidir le hAirteagal 16(9) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaineann leis an gcinneadh ón gComhairle Eorpach maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle

Dearbhaíonn an Chomhdháil gur chóir don Chomhairle tús a chur leis an gcinneadh a ullmhú lena mbunófar nósanna cur chun feidhme an chinnidh maidir le feidhmiú Uachtaránacht na Comhairle a luaithe a bheidh Conradh Liospóin sínithe agus gur chóir di a formheas polaitiúil a thabhairt taobh istigh de shé mhí. Leagtar amach thíos dréacht-Chinneadh ón gComhairle Eorpach a ghlacfar an lá a dtiocfaidh an Conradh sin i bhfeidhm: