|
24.4.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
6 |
IONSTRAIM
i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na n-oiriúnuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach
CUID A CEATHAIR
FORÁLACHA SEALADACHA
TEIDEAL III
FORÁLACHA AIRGEADAIS
Airteagal 31
1. Cruthaítear leis seo Áis Schengen (dá ngairtear “Áis shealadach Schengen” anseo feasta) mar ionstraim shealadach d'fhonn cuidiú leis an gCróit idir dáta an aontachais agus deireadh 2014 chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú ag teorainneacha seachtracha nua an Aontais d'fhonn acquis Schengen agus rialú teorainneacha seachtracha a chur chun feidhme.
2. Le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2013 go dtí an 31 Nollaig 2014, cuirfear na méideanna seo a leanas (praghsanna reatha) ar fáil don Chróit i bhfoirm íocaíochtaí cnapshuime faoi Áis shealadach Schengen:
|
(EUR milliún, praghsanna reatha) |
||
|
|
2013 |
2014 |
|
An Chróit |
40 |
80 |
3. Beidh an méid bliantúil do 2013 iníoctha leis an gCróit an 1 Iúil 2013 agus cuirfear an méid bliantúil do 2014 ar fáil ar an gcéad lá oibre tar éis 1 Eanáir 2014.
4. Úsáidfear na híocaíochtaí cnapshuime laistigh de thrí bliana ón gcéad íocaíocht. Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an tréimhse sin trí bliana do dhul in éag, déanfaidh an Chróit tuarascáil chuimsitheach a thíolacadh ar fheidhmiú críochnaitheach na n-íocaíochtaí faoi Áis shealadach Schengen maille le ráiteas ag fírinniú an chaiteachais. Aisghabhfaidh an Coimisiún aon chistí nár caitheadh nó a caitheadh gan bonn cirt.
5. Féadfaidh an Coimisiún aon fhorálacha teicniúla a ghlacadh is gá chun Áis shealadach Schengen a oibriú.