24.4.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

6


IONSTRAIM

i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na n-oiriúnuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

CUID A CEATHAIR

FORÁLACHA SEALADACHA

TEIDEAL III

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 29

1.   Déanfaidh gníomhaireachtaí cur chun feidhme na Cróite bainistiú amhail ó dháta an aontachais ar sholáthar, ar bhronnadh deontas agus ar íocaíochtaí le haghaidh cúnaimh airgeadais réamhaontachais faoi na Comhchodanna den Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR) maidir le Cúnamh Trasdula agus Tógáil Institiúidí agus maidir le Comhar Trasteorann, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 (1), le haghaidh cistí a mbeidh tiomantas tugtha ina leith roimh an aontachas, seachas cláir trasteorann na Cróite-na hUngáire agus na Cróite-na Slovéine, agus le haghaidh cúnaimh faoin Áis Trasdula dá dtagraítear in Airteagal 30.

Déanfar rialú ex ante an Choimisiúin ar sholáthar agus ar bhronnadh deontas a tharscaoileadh le cinneadh ón gCoimisiún chuige sin, tar éis don Choimisiún feidhmiú éifeachtach an chórais bainistíochta agus rialaithe i dtrácht a dheimhniú dó féin i gcomhréir leis na critéir agus leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 56(2) de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (2) agus in Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 718/2007 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2007 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR) (3).

Más rud é, roimh dháta an aontachais, nár glacadh an cinneadh ón gCoimisiún rialú ex ante a tharscaoileadh, ní bheidh aon chonarthaí a shíneofar idir dáta an aontachais agus an dáta a ghlacfar an cinneadh ón gCoimisiún incháilithe faoin gcúnamh airgeadais réamhaontachais ná faoin Áis Trasdula dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.   Tiomantais bhuiséadacha a dhéanfar roimh dháta an aontachais faoin gcúnamh airgeadais réamhaontachais agus faoin Áis Trasdula dá dtagraítear i mír 1, lena n-airítear tiomantais dhlíthiúla leithleacha a dhéanfar ina dhiaidh sin agus íocaíochtaí a dhéanfar i ndiaidh an aontachais a thabhairt i gcrích agus a chlárú, leanfaidh siad de bheith faoi rialú ag na rialacha is infheidhme maidir leis na hionstraimí airgeadais réamhaontachais agus de bheith á muirearú i leith na gcaibidlí buiséadacha comhfhreagracha go dtí go gcuirfear clabhsúr leis na cláir agus na tionscadail i dtrácht.

3.   Na forálacha maidir le cur chun feidhme tiomantas buiséadacha comhaontuithe maoinithe a bhainfidh leis an gcúnamh airgeadais réamhaontachais dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 agus Comhchuid ICR maidir le Forbairt Tuaithe, a bhaineann le cinntí maoinithe arna nglacadh roimh an aontachais, leanfaidh siad de bheith infheidhme tar éis dháta an aontachais. Beidh siad á rialú ag na rialacha is infheidhme maidir leis na hionstraimí airgeadais réamhaontachais. Dá ainneoin sin, déanfar nósanna imeachta um sholáthar poiblí a thionscnófar tar éis an aontachais a chur i gcrích i gcomhréir leis na treoracha ábhartha de chuid an Aontais.

4.   Féadfar tiomantais a dhéanamh sa chéad dá bhliain tar éis an aontachais i leith cistí réamhaontachais chun caiteachas riaracháin, dá dtagraítear in Airteagal 44, a chumhdach. Féadfar tiomantais a dhéanamh suas le cúig bliana tar éis an aontachais i leith cistí réamhaontachais, i dtaca le costais iniúchóireachta agus measúnachta.


(1)  IO L 210, 31.7.2006, lch. 82.

(2)  IO L 248 19.9.2002, lch 1.

(3)  IO L 170, 29.6.2007, lch. 1.