24.4.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

6


IONSTRAIM

i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na n-oiriúnuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

CUID A hAON

PRIONSABAIL

Airteagal 6

1.   Beidh na comhaontuithe a thug an tAontas i gcrích nó a chuir sé i bhfeidhm go sealadach le tríú tír amháin nó níos mó, le heagraíocht idirnáisiúnta nó le náisiúnach de chuid tríú tír ina gceangal ar an gCróit faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí bunaidh agus san Ionstraim seo.

2.   Gabhann an Chróit uirthi féin aontú, faoi na coinníollacha a leagtar síos san Ionstraim seo, do na comhaontuithe a rinne na Ballstáit láithreacha agus an tAontas a thabhairt i gcrích nó a shíniú le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta.

Mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontuithe sonracha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar aontachas na Cróite le comhaontuithe den sórt sin a chomhaontú trí phrótacal leis na comhaontuithe sin a thabhairt i gcrích idir an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil thar ceann na mBallstát, agus an tríú tír nó na tríú tíortha nó an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht. Déanfaidh an Coimisiún, nó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (an tArdionadaí) i gcás ina mbainfidh an comhaontú go heisiach nó go príomha leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, na prótacail sin a chaibidil thar ceann na mBallstát ar bhonn treoracha caibidlíochta a fhormheasfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, agus i gcomhairle le coiste ar a mbeidh ionadaithe na mBallstát. Déanfaidh an Coimisiún, nó an tArdionadaí, de réir mar is iomchuí, dréachtaí de na prótacail a thíolacadh don Chomhairle lena dtabhairt i gcrích.

Ní dochar an nós imeachta seo d'fheidhmiú inniúlachtaí dílse an Aontais ná ní dhéanann sé difear do chionroinnt na gcumhachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit i dtaca le comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích sa todhchaí nó aon leasuithe eile nach mbaineann leis an aontachas.

3.   Amhail ó dháta an aontachais, agus go dtí go dtiocfaidh na prótacail is gá dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 i bhfeidhm, cuirfidh an Chróit i bhfeidhm forálacha na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 agus a tugadh i gcrích nó a cuireadh i bhfeidhm go sealadach roimh dháta an aontachais, amach ón gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine (1).

Go dtí go dtiocfaidh na prótacail dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 2 i bhfeidhm, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach de mar is iomchuí faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, aon bheart is iomchuí a ghlacadh.

4.   Aontaíonn an Chróit don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, na Mara Cairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, a síníodh in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 (2), agus don dá chomhaontú lena leasaítear an Comhaontú sin, a síníodh i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 (3) agus a osclaíodh lena síniú in Ouagadougou an 22 Meitheamh 2010 (4), faoi seach.

5.   Gabhann an Chróit uirthi féin aontú, faoi na coinníollacha a leagtar síos san Ionstraim seo, don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (5), i gcomhréir le hAirteagal 128 den Chomhaontú sin.

6.   Amhail ó dháta an aontachais, déanfaidh an Chróit na comhaontuithe agus na socraíochtaí déthaobhacha teicstíle a tugadh i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha a chur i bhfeidhm.

Déanfar na srianta cainníochtúla a chuireann an tAontas i bhfeidhm ar allmhairí táirgí teicstíle agus éadaigh a oiriúnú chun aontachas na Cróite leis an Aontas a chur san áireamh. Chuige sin, féadfaidh an tAontas leasuithe ar na comhaontuithe agus na socruithe déthaobhacha teicstíle dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chaibidil leis na tríú tíortha i dtrácht roimh dháta an aontachais.

Mura mbeidh na leasuithe ar na comhaontuithe agus na socruithe déthaobhacha teicstíle tagtha i bhfeidhm faoi dháta an aontachais, déanfaidh an tAontas na hoiriúnuithe is gá ar a rialacha maidir le táirgí teicstíle agus éadaigh a allmhairiú ó thríú tíortha chun aontachas na Cróite a chur san áireamh.

7.   Déanfar na srianta cainníochtúla a chuireann an tAontas i bhfeidhm ar allmhairí cruach agus táirgí cruach a oiriúnú ar bhonn allmhairí cruach agus táirgí cruach ag an gCróit sna blianta deireanacha, ar cruach í agus ar táirgí curacha iad de bhunadh na dtíortha is soláthraithe i dtrácht.

Chuige sin, déanfar na leasuithe is gá ar na comhaontuithe agus na socruithe déthaobhacha cruach a tugadh i gcrích idir an tAontas agus tríú tíortha a chaibidil roimh dháta an aontachais.

Mura mbeidh na leasuithe ar na comhaontuithe agus na socruithe déthaobhacha tagtha i bhfeidhm faoi dháta an aontachais, beidh feidhm ag forálacha na chéad fhomhíre.

8.   Amhail ó dháta an aontachais, déanfaidh an tAontas comhaontuithe iascaigh arna dtabhairt i gcrích idir an Chróit agus tríú tíortha roimh an dáta sin a bhainistiú.

Ní dhéanfar difear do na cearta ná na hoibleagáidí don Chróit a leanann ó na comhaontuithe sin i rith na tréimhse ar lena linn a bheidh forálacha na gcomhaontuithe sin á gcoimeád ar bun go sealadach.

A thúisce is féidir agus ar chaoi ar bith roimh na comhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír do dhul in éag, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, na cinntí iomchuí i ngach cás chun go leanfaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a thig as na comhaontuithe sin, lena n-áirítear gur féidir comhaontuithe áirithe a fhadú go ceann tréimhsí nach faide ná bliain amháin.

9.   Tarraingeoidh an Chróit siar ó aon chomhaontuithe saorthrádála le tríú tíortha, lena n-áirítear Comhaontú Saorthrádála Lár na hEorpa arna leasú.

Sa mhéid nach bhfuil comhaontuithe idir an Chróit, de pháirt, agus tríú tír amháin nó níos mó, den pháirt eile ag luí leis na hoibleagáidí a thig as an Ionstraim seo, déanfaidh an Chróit gach beart iomchuí chun deireadh a chur leis an neamhluím cruthaithe. Má bhaineann deacrachtaí don Chróit le linn oiriúnú a dhéanamh ar chomhaontú a tugadh i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó, tarraingeoidh sí siar ón gcomhaontú sin.

Glacfaidh an Chróit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí na míre seo amhail ar dháta an aontachais.

10.   Faoi na coinníollacha a leagtar síos san Ionstraim seo, aontaíonn an Chróit do na comhaontuithe inmheánacha a thug na Ballstáit láithreacha i gcrích chun na comhaontuithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 4 a chur chun feidhme.

11.   Glacfaidh an Chróit, más gá, bearta iomchuí chun a seasamh i ndáil le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis na comhaontuithe idirnáisiúnta sin ar páirtithe iontu freisin an tAontas nó na Ballstáit eile a oiriúnú do na cearta agus do na hoibleagáidí a eascraíonn as aontachas na Cróite leis an Aontas.

Tarraingeoidh an Chróit siar go háirithe ó chomhaontuithe idirnáisiúnta agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta iascaigh ar páirtí iontu freisin an tAontas, mura rud é gur le hábhair seachas iascach a bhaineann a comhaltas.

Glacfaidh an Chróit na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar oibleagáidí na míre seo amhail ar dháta an aontachais.


(1)  IO L 114, 30.4.2002, lch. 6.

(2)  IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.

(3)  IO L 209, 11.8.2005, lch. 27, IO L 287, 28.10.2005, lch. 4 agus IO L 168M, 21.6.2006, lch. 33.

(4)  IO L 287, 4.11.2010, lch. 3.

(5)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.