26.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)
CUID A SÉ
FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I
FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
CAIBIDIL 4
AN BANC EORPACH INFHEISTÍOCHTA
Airteagal 309
(sean-Airteagal 267 CCE)
Is é is cúram don Bhanc Eorpach Infheistíochta rannchuidiú, trí dhul ar iontaoibh mhargadh an chaipitil agus trína acmhainní féin a úsáid, le forbairt chothromúil rianúil an mhargaidh inmheánaigh chun leas an Aontais. Chuige sin déanfaidh an Banc, ag oibriú dó ar bhonn neamhbhrabúsmhar, iasachtaí agus ráthaíochtaí a thabhairt a éascóidh maoiniú na dtionscadal seo a leanas i ngach earnáil den gheilleagar:
(a) |
tionscadail le haghaidh fhorbairt na réigiún lagfhorbartha; |
(b) |
tionscadail chun gnóthais a nuachóiriú nó a athrú nó chun gníomhaíochtaí úra a fhorbairt a mbeidh call leo mar gheall ar bhunú nó ar oibriú an mhargaidh inmheánaigh, i gcás nach féidir, mar gheall ar mhéid nó cineál na dtionscadal sin, iad a mhaoiniú go hiomlán ar na modhanna éagsúla atá ar fáil sna Ballstáit leithleacha; |
(c) |
tionscadail leasa choitinn do Bhallstáit éagsúla nach féidir, mar gheall ar a méid nó a gcineál, iad a mhaoiniú go hiomlán ar na modhanna éagsúla atá ar fáil sna Ballstáit leithleacha. |
I gcomhlíonadh a chúraimí dó, éascóidh an Banc maoiniú clár infheistíochta i gcuibhreann le cabhair ó na cistí struchtúracha agus ó ionstraimí airgeadais Aontais eile.