26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A CÚIG

GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS

TEIDEAL III

COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS CABHAIR DHAONNÚIL

CAIBIDIL 2

COMHAR EACNAMAÍOCH, AIRGEADAIS AGUS TEICNIÚIL LE TRÍÚ TÍORTHA

Airteagal 212

(sean-Airteagal 181a CCE)

1.   Gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí, agus go háirithe d'Airteagail 208 go 211, cuirfidh an tAontas i gcrích bearta comhair eacnamaíoch, airgeadais agus theicniúil, lena n-áirítear cúnamh, agus cúnamh airgeadais go háirithe, le tríú tíortha seachas na tíortha i mbéal forbartha. Beidh na gníomhaíochtaí sin comhchuí le beartas forbartha an Aontais agus cuirfear i gcrích iad faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí a ghníomhaíochta seachtraí. Déanfaidh oibríochtaí an Aontais agus oibríochtaí na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.

2.   Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá chun mír 1 a chur chun feidhme.

3.   Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfaidh na rialacha mionsonraithe um chomhar Aontais a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.