26.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)
CUID A TRÍ
BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XXII
TURASÓIREACHT
Airteagal 195
1. Comhlánóidh an tAontas gníomhaíocht na mBallstát in earnáil na turasóireachta, go háirithe trí iomaíochas fhiontair an Aontais inti a chur chun cinn.
Chuige sin, díreofar gníomhaíocht an Aontais ar na nithe seo a leanas:
(a) |
cruthú timpeallachta a spreagadh a bheidh fabhrach d'fhorbairt na bhfiontar san earnáil seo; |
(b) |
comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn, go háirithe trí mhalartú dea-chleachtais. |
2. Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta sonracha arb é is aidhm dóibh gníomhaíochtaí laistigh de na Ballstáit a chomhlánú chun na cuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo a ghnóthú, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.