26.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)
CUID A TRÍ
BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL X
BEARTAS SÓISIALTA
Airteagal 160
(sean-Airteagal 144 CCE)
Bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, Coiste um Chosaint Shóisialta le stádas comhairleach chun comhordú idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún maidir le cosaint shóisialta a chur ar aghaidh. Is iad cúraimí an Choiste:
— |
faireachán a dhéanamh ar an staid shóisialta agus ar fhorbairt beartas cosanta sóisialta sna Ballstáit agus san Aontas; |
— |
malairtí faisnéise, taithí agus dea-chleachtais a chur ar aghaidh idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún; |
— |
gan dochar d'Airteagal 240, tuarascálacha a ullmhú nó tuairimí a fhoirmiú nó gníomhaíochtaí eile a dhéanamh laistigh de réimsí a inniúlachta, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin. |
Agus a shainordú á chomhall aige, bunóidh an Coiste tadhaill iomchuí leis na comhpháirtithe sóisialta.
Ceapfaidh gach Ballstát dhá chomhalta den Choiste agus ceapfaidh an Coimisiún dhá chomhalta den Choiste.