26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL X

BEARTAS SÓISIALTA

Airteagal 157

(sean-Airteagal 141 CCE)

1.   Áiritheoidh gach Ballstát cur chun feidhme an phrionsabail go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ag dul d'oibrithe fireanna agus d'oibrithe baineanna.

2.   Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn “pá” an gnáthphá nó an gnáth-thuarastal bunaidh nó íosta maille le haon chomaoin eile, in airgead nó i gcomhchineál, a fhaigheann an t-oibrí, go díreach nó go hindíreach, óna fhostóir as ucht a fhostaíochta.

Ciallaíonn “pá comhionann gan idirdhealú bunaithe ar ghnéas”:

(a)

go ndéantar an pá as an obair chéanna ar thascrátaí a ríomh ar bhonn an aonaid tomhais chéanna;

(b)

i gcás obair de réir amrátaí gurb é an pá céanna a íoctar as an jab céanna.

3.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, bearta a ghlacadh d'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, lena n-áirítear prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach.

4.   D'fhonn comhionannas iomlán iarbhír idir fir agus mná a áirithiú i saol na hoibre, ní chuirfidh prionsabal na córa comhionainne cosc ar aon Bhallstát bearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena ndéantar foráil maidir le buntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe gabháil le gairm bheatha nó chun míbhuntáistí i slite beatha gairmiúla a chosc nó a chúiteamh.