26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL X

BEARTAS SÓISIALTA

Airteagal 155

(sean-Airteagal 139 CCE)

1.   Más é sin is toil leis na comhpháirtithe sóisialta, féadfaidh caidreamh conarthach, lena n-áirítear comhaontuithe, a bheith mar thoradh ar an agallamh eatarthu ar leibhéal an Aontais.

2.   Is i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na cleachtais is cuí do na comhpháirtithe sóisialta agus do na Ballstáit nó, in ábhair a thig faoi Airteagal 153, trí chinneadh ón gComhairle ar thogra ón gCoimisiún, arna iarraidh sin i gcomhpháirt do na páirtithe sínitheacha, a chuirfear chun feidhme na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ar leibhéal an Aontais. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil nuair atá foráil amháin nó níos mó sa chomhaontú i dtrácht a bhaineann le ceann de na réimsí inar gá aontoilíocht de bhun Airteagal 153(2).