26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL X

BEARTAS SÓISIALTA

Airteagal 154

(sean-Airteagal 138 CCE)

1.   Beidh sé de chúram ar an gCoimisiún comhairliúchán idir na comhpháirtithe sóisialta a chur ar aghaidh ar leibhéal an Aontais agus glacfaidh sé aon bheart ábhartha chun an t-agallamh eatarthu a éascú trína áirithiú go dtugtar tacaíocht chothromúil do na páirtithe.

2.   Chuige sin, sula dtíolacfaidh sé tograí i réimse an bheartais shóisialta, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ar threo ionchasach gníomhaíochta Aontais.

3.   Má mheasann an Coimisiún, tar éis an chomhairliúcháin sin, go bhfuil gníomhaíocht Aontais inmhianaithe, rachaidh sé i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ar inneachar an togra arna bheartú. Díreoidh na comhpháirtithe sóisialta tuairim, nó moladh más iomchuí, chuig an gCoimisiún.

4.   Tráth na gcomhairliúchán dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, féadfaidh na comhpháirtithe sóisialta a chur i bhfios don Choimisiún gur mian leo an próiseas dá bhforáiltear in Airteagal 155 a thionscnamh. Ní mhairfidh ré an phróisis sin níos mó ná naoi mí mura gcinnfidh na comhpháirtithe sóisialta i dtrácht agus an Coimisiún i gcomhpháirt í a fhadú.