26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL VIII

BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA

CAIBIDIL 1

BEARTAS EACNAMAÍOCH

Airteagal 125

(sean-Airteagal 103 CCE)

1.   Ceangaltais Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí de chuid aon Bhallstáit, ní bheidh an tAontas faoi dhliteanas ina leith ná ní ghabhfaidh sé air féin iad, gan dochar do ráthaíochtaí airgeadais frithpháirteacha ar mhaithe le comhghnóthú tionscadail shonraigh. Ceangaltais Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí de chuid Ballstáit eile, ní bheidh Ballstát faoi dhliteanas ina leith, ná ní ghabhfaidh sé air féin iad, gan dochar do ráthaíochtaí airgeadais frithpháirteacha ar mhaithe le comhghnóthú tionscadail shonraigh.

2.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, más gá, na sainmhínithe a shonrú maidir le cur i bhfeidhm na dtoirmeasc dá dtagraítear in Airteagail 123 agus 124 agus san Airteagal seo.