26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL VIII

BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA

CAIBIDIL 1

BEARTAS EACNAMAÍOCH

Airteagal 122

(sean-Airteagal 100 CCE)

1.   Gan dochar do na nósanna imeachta eile dá bhforáiltear sna Conarthaí, féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, de mheon dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit, na bearta is iomchuí don staid eacnamaíoch a chinneadh, go háirithe má tharlaíonn géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe, go háirithe i réimse an fhuinnimh.

2.   I gcás Ballstát a bheith i ndeacrachtaí nó géardheacrachtaí a bheith ag dianbhagairt air de bhun tubaistí nádúrtha nó tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu, féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cabhair airgeadais Aontais a dheonú faoi choinníollacha áirithe don Bhallstát i dtrácht. Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh.