|
26.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)
CUID A TRÍ
BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL VII
COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA
CAIBIDIL 1
RIALACHA IOMAÍOCHTA
ROINN 1
RIALACHA A BHAINEANN LE GNÓTHAIS
Airteagal 102
(sean-Airteagal 82 CCE)
Déanfar aon mhí-úsáid ag gnóthas nó gnóthais ag a bhfuil ceannasacht sa mhargadh inmheánach nó i gcuid mhór de a thoirmeasc mar ní nach luíonn leis an margadh inmheánach sa mhéid gurbh fhéidir éifeacht a bheith aici ar thrádáil idir Ballstáit.
D'fhéadfadh sé go háirithe gurb é a bheadh sa mhí-úsáid sin:
|
(a) |
praghsanna míchóra ceannaithe nó díolta nó coinníollacha míchóra eile trádála a fhorchur, go díreach nó go hindíreach; |
|
(b) |
an táirgeadh, na margaí nó an fhorbairt theicniúil a theorannú chun dochair do thomhaltóirí; |
|
(c) |
coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht iad; |
|
(d) |
chun go dtabharfar conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin. |