26.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)
CUID A TRÍ
BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL V
AN LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS
CAIBIDIL 3
COMHAR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR SHIBHIALTA
Airteagal 81
(sean-Airteagal 65 CCE)
1. Déanfaidh an tAontas forbairt ar an gcomhar breithiúnach sna hábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, arna bhunú ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do bhreithiúnais agus do chinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha. Féadfar a áireamh sa chomhar sin bearta a ghlacadh chun dlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú.
2. Chun críocha mhír 1, glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle bearta, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, go háirithe nuair is gá sin d'oibriú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, arb é is aidhm dóibh na nithe seo a leanas a áirithiú:
(a) |
breithiúnais agus cinntí i gcásanna seachbhreithiúnacha a aithint go frithpháirteach agus a fhorfheidhmiú idir Bhallstáit; |
(b) |
doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil trasna teorainneacha; |
(c) |
comhchuibheas na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le heasaontas dlíthe agus dlínse; |
(d) |
comhar le linn fianaise a ghlacadh; |
(e) |
rochtain éifeachtach ar an gceartas; |
(f) |
constaicí ar dhea-oibriú imeachtaí sibhialta a dhíchur, más gá, trí chomhchuibheas na rialacha maidir leis an nós imeachta sibhialta is infheidhme sna Ballstáit a chur chun cinn; |
(g) |
malairt modhanna a fhorbairt chun díospóidí a shocrú; |
(h) |
tacú le hoiliúint na breithiúnachta agus na foirne breithiúnaí. |
3. D'ainneoin mhír 2, bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, bearta maidir le dlí an teaghlaigh a mbeidh impleachtaí trasteorann acu. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh lena gcinnfear na gnéithe sin de dhlí an teaghlaigh a mbeidh impleachtaí trasteorann acu a d'fhéadfadh a bheith ina n-ábhar do ghníomhartha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.
Tabharfar fógra faoin togra dá dtagraítear sa dara fomhír do na Parlaimintí náisiúnta. Ar Pharlaimint náisiúnta a freasúra a chur in iúl laistigh de shé mhí ón bhfógra sin, ní ghlacfar an cinneadh. Cheal freasúra, féadfaidh an Chomhairle Eorpach an cinneadh sin a ghlacadh.