|
26.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)
CUID A TRÍ
BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL IV
SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL
CAIBIDIL 2
CEART BUNAÍOCHTA
Airteagal 54
(sean-Airteagal 48 CCE)
Cuideachtaí nó gnólachtaí a foirmíodh de réir dlí Ballstáit agus a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu san Aontas, déileálfar leo, chun críocha na Caibidle seo, ar an gcuma chéanna le daoine nádúrtha is náisiúnaigh de Bhallstáit.
Ciallaíonn “cuideachtaí nó gnólachtaí” cuideachtaí nó gnólachtaí a bunaíodh faoin dlí sibhialta nó faoin dlí tráchtála, lena n-áirítear comharchumainn, agus daoine dlítheanacha eile a rialaítear le dlí poiblí nó le dlí príobháideach, cé is moite díobh siúd atá neamhbhrabúsmhar.