|
26.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)
CUID A TRÍ
BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL III
AN TALMHAÍOCHT AGUS AN tIASCACH
Airteagal 40
(sean-Airteagal 34 CCE)
1. Chun na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 39 a ghnóthú, bunófar comheagrú na margaí talmhaíochta.
Is i bhfoirm acu seo a leanas, de réir an táirge áirithe, a bheidh an t-eagrú sin:
|
(a) |
comhrialacha iomaíochta; |
|
(b) |
comhordú éigeantach ar na heagruithe náisiúnta margaidh; |
|
(c) |
eagrú Eorpach ar an margadh. |
2. An comheagrú a bhunófar de réir mhír 1, féadfaidh sí na bearta uile a chuimsiú is gá chun na haidhmeanna a ghnóthú atá leagtha amach in Airteagal 39, go háirithe rialú praghsanna, cabhracha chun na táirgí éagsúla a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, córais chun táirgí a stóráil agus a thabhairt anonn agus comhshásra chun allmhairí nó onnmhairí a chobhsú.
Beidh ar an gcomheagrú cloí le gnóthú na n-aidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 39, agus gan idirdhealú ar bith a dhéanamh idir táirgeoirí nó tomhaltóirí san Aontas.
Bunófar aon chomhbheartas praghsanna ar chomhchaighdeáin agus ar chómhodhanna ríomhaireachta.
3. Chun a chumasú don chomheagrú dá dtagraítear i mír 1 a aidhmeanna a ghnóthú, féadfar ciste nó cistí um threoraíocht agus ráthaíocht talmhaíochta a bhunú.