26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL I

AN MARGADH INMHEÁNACH

Airteagal 26

(sean-Airteagal 14 CCE)

1.   Glacfaidh an tAontas na bearta is gá chun margadh inmheánach a bhunú nó chun oibriú an mhargaidh sin a áirithiú, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de na Conarthaí.

2.   Is é rud a bheidh sa mhargadh inmheánach spás gan teorainneacha inmheánacha ina n-áiritheofar saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil de réir fhorálacha na gConarthaí.

3.   Saineoidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na treoirlínte agus na coinníollacha is gá chun ascnamh cothromúil a áirithiú i ngach ceann de na hearnálacha lena mbaineann.