26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A DÓ

NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS SAORÁNACHT AN AONTAIS

Airteagal 19

(sean-Airteagal 13 CCE)

1.   Gan dochar d'fhorálacha eile na gConarthaí agus laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí a thugtar don Aontas leo, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, gníomhaíocht iomchuí a ghlacadh chun idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.

2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bunphrionsabail beart dreasachta Aontais a ghlacadh, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát, chun tacú le gníomhaíocht arna déanamh ag na Ballstáit chun rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1.