|
26.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)
CUID A hAON
PRIONSABAIL
TEIDEAL I
CATAGÓIRÍ AGUS RÉIMSÍ INNIÚLACHTA AN AONTAIS
Airteagal 6
Beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus chun iad a chomhordú nó a fhorlíonadh. Is iad réimsí na gníomhaíochta sin ar leibhéal Eorpach:
|
(a) |
sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú; |
|
(b) |
tionscal; |
|
(c) |
cultúr; |
|
(d) |
turasóireacht; |
|
(e) |
oideachas, gairmoiliúint, óige agus spórt; |
|
(f) |
cosaint shibhialta; |
|
(g) |
comhar riaracháin. |