|
26.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)
CUID A hAON
PRIONSABAIL
Airteagal 1
1. Eagraítear leis an gConradh seo feidhmiú an Aontais agus cinntear leis réimsí agus críochú a inniúlachtaí agus na socruithe chun iad a fheidhmiú.
2. Is iad an Conradh seo agus an Conradh ar an Aontas Eorpach na Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Beidh an stádas dlí céanna ag an dá Chonradh seo, dá ngairtear ‘na Conarthaí’.