Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL VI: FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA - Airteagal 54 (sean-Airteagal 52 CAE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0044 - 0045
Airteagal 54 (sean-Airteagal 52 CAE) 1. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an gConradh seo i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile. 2. Tiocfaidh an Conradh seo i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 1993 ar an gcoinníoll go mbeidh gach ionstraim daingniúcháin taiscthe, nó, ina éagmais sin, ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an gceann is déanaí de Stáit a shínithe a dhéanfaidh an taisceadh sin. --------------------------------------------------