Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL V: FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - CAIBIDIL 2: Forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála - Roinn 1: Forálacha coiteanna - Airteagal 39
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0036 - 0036
Airteagal 39 I gcomhréir le hAirteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus de mhaolú ar mhír 2 de, glacfaidh an Chomhairle cinneadh lena leagfar síos na rialacha a bhaineann le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit nuair atá gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thig faoi raon feidhme na Caibidle seo, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin. Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi rialú údarás neamhspleách. --------------------------------------------------