12008M036

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL V: FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - CAIBIDIL 2: Forálacha sonracha maidir leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála - Roinn 1: Forálacha coiteanna - Airteagal 36 (sean-Airteagal 21 CAE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0035 - 0036


Airteagal 36

(sean-Airteagal 21 CAE)

Rachaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa go tráthrialta maidir le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais eachtraigh agus slándála agus an chomhbheartais slándála agus cosanta agus cuirfidh sé ar an eolas í faoi éabhlóid na mbeartas sin. Áiritheoidh sé go dtabharfar aird chuí ar dhearcadh Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh na hionadaithe speisialta a bheith rannpháirteach maidir le Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa ceisteanna a dhíriú chuig an gComhairle agus chuig an Ardionadaí nó moltaí a thabhairt don Chomhairle agus don Ardionadaí. Cuirfidh sí díospóireacht ar siúl dhá uair sa bhliain ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta.

--------------------------------------------------