12008M002

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - TEIDEAL I: FORÁLACHA COITEANNA - Airteagal 2

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0017 - 0017


Airteagal 2

Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamhidirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.

--------------------------------------------------