Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach - PRÓTACAIL - Prótacal (Uimh. 26) maidir le seirbhísí leasa ghinearálta
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0308 - 0308
PRÓTACAL (Uimh. 26) MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ LEASA GHINEARÁLTA TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, ÓS MIAN LEO béim a leagan ar thábhacht seirbhísí leasa ghinearálta, TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh: Airteagal 1 Cuimsíonn comhluachanna an Aontais maidir le seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta, de réir bhrí Airteagal 14 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an méid seo a leanas go háirithe: - an ról riachtanach agus an rogha leathan atá ag na húdaráis náisiúnta, ag na húdaráis réigiúnacha agus ag na húdaráis áitiúla maidir le seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta a sholáthar, a chur á n-úsáid agus a eagrú ar bhealach a fhreagraíonn a oiread agus is féidir do riachtanais na n-úsáideoirí; - éagsúlacht na seirbhísí leasa eacnamaíoch ghinearálta agus na difríochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann idir riachtanais na n-úsáideoirí agus idir a roghanna de bharr staideanna geografacha, staideanna sóisialta nó staideanna cultúrtha éagsúla; - leibhéal ard cáilíochta, sábháilteachta agus incheannaitheachta, an chóir chomhionann agus rochtain do chách agus cearta úsáideoirí a chur chun cinn. Airteagal 2 Ní dhéanfaidh forálacha na gConarthaí difear ar dhóigh ar bith d'inniúlacht na mBallstát maidir le seirbhísí leasa ghinearálta nach den gheilleagar iad a sholáthar, a chur á n-úsáid agus a eagrú. --------------------------------------------------