Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A SEACHT: FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA - Airteagal 340 (sean-Airteagal 288 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0193 - 0193
Airteagal 340 (sean-Airteagal 288 CCE) Beidh dliteanas conarthach an Aontais faoi rialú ag an dlí a bhaineann leis an gconradh atá i gceist. I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an tAontas, de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a sheirbhísigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna. D'ainneoin an dara mír, déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a mbeidh sé féin ina chúis leis nó a mbeidh a sheirbhísigh ina gcúis leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna. Beidh dliteanas pearsanta a sheirbhísigh i leith an Aontais faoi rialú ag na forálacha arna leagan síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta a bhaineann leo. --------------------------------------------------