Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A SÉ: FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS - TEIDEAL II: FORÁLACHA AIRGEADAIS - Caibidil 1: Acmhainní dílse an Aontais - Airteagal 311 (sean-Airteagal 269 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0181 - 0182
Airteagal 311 (sean-Airteagal 269 CCE) Cuirfidh an tAontas ar fáil dó féin na meáin is gá chun a chuspóirí a bhaint amach agus a bheartais a chur i gcrích. Gan dochar d'ioncam eile, maoineofar an buiséad go hiomlán as acmhainní dílse. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, cinneadh lena leagfar síos na forálacha a bhaineann le córas acmhainní dílse an Aontais. Sa chomhthéacs sin, féadfar catagóirí nua acmhainní dílse a bhunú nó catagóir atá ann a dhíothú. Ní thiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm go dtí go mbeidh sé formheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, bearta cur chun feidhme chóras acmhainní dílse an Aontais a leagan síos a mhéid a fhoráiltear sa chinneadh arna ghlacadh ar bhonn an tríú mír. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa. --------------------------------------------------