Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A SÉ: FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS - TEIDEAL I: FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ - Caibidil 2: Gníomhartha dlí an Aontais, nósanna imeachta glactha agus forálacha eile - Roinn 1: Gníomhartha dlí an Aontais - Airteagal 288 (sean-Airteagal 249 CCE)
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0171 - 0172
Airteagal 288 (sean-Airteagal 249 CCE) D'fhonn inniúlachtaí an Aontais a fheidhmiú, glacfaidh na hinstitiúidí rialacháin, treoracha, cinntí, moltaí agus tuairimí. Beidh feidhm ghinearálta ag rialachán. Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Beidh treoir ina ceangal, maidir leis an toradh atá le gnóthú, ar gach Ballstát chuig a ndíreofar í, ach fágfar faoi na húdaráis náisiúnta foirm agus modhanna a roghnú. Beidh an cinneadh ina cheangal go huile agus go hiomlán. Nuair a shonróidh cinneadh iad siúd chuig a ndíreofar é is orthu sin amháin a bheidh sé ina cheangal. Ní bheidh aon bhrí cheangailteach le moltaí ná le tuairimí. --------------------------------------------------