12008E269

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A SÉ: FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS - TEIDEAL I: FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ - Caibidil 1: Na hInstitiúidí - Roinn 5: Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh - Airteagal 269

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0164 - 0164


Airteagal 269

Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais breith a thabhairt maidir le dlíthiúlacht gnímh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach nó ag an gComhairle de bhun Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ach amháin arna iarraidh sin don Bhallstát atá ina ábhar do shuíomh ón gComhairle Eorpach nó ón gComhairle agus ach amháin i ndáil leis na réamhchoinníollacha nós imeachta san Airteagal sin.

Ní mór an iarraidh sin a dhéanamh laistigh de mhí ón dáta ar suíodh amhlaidh. Rialóidh an Chúirt laistigh de mhí ó dháta na hiarrata.

--------------------------------------------------