12008E216

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A CÚIG: GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS - TEIDEAL IV: BEARTA SRIANTACHA - Airteagal 216

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0144 - 0144


Airteagal 216

1. Féadfaidh an tAontas comhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó má fhoráiltear amhlaidh sna Conarthaí nó nuair is gá comhaontú a thabhairt i gcrích d'fhonn ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sna Conarthaí a ghnóthú faoi chuimsiú bheartais an Aontais, nó má fhoráiltear do chomhaontú a thabhairt i gcrích i ngníomh Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí nó más dóigh do chomhaontú a thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do chomhrialacha nó a raon feidhme a athrú.

2. Beidh na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas ina gceangal ar institiúidí an Aontais agus ar a Bhallstáit.

--------------------------------------------------