12008E215

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A CÚIG: GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS - TEIDEAL IV: BEARTA SRIANTACHA - Airteagal 215 (sean-Airteagal 301 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0144 - 0144


Airteagal 215

(sean-Airteagal 301 CCE)

1. Nuair a fhorálfar le cinneadh, arna ghlacadh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go ndéanfar an caidreamh eacnamaíoch agus airgeadais le tríú tír amháin nó níos mó a bhriseadh nó a laghdú, go hiomlán nó go páirteach, glacfaidh an Chomhairle na bearta is gá, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún. Cuirfidh sí Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

2. Nuair a fhorálfar amhlaidh le cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach, féadfaidh an Chomhairle bearta sriantacha a ghlacadh faoin nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, in aghaidh grúpaí nó in aghaidh eintiteas neamhstáit.

3. Beidh sna gníomhartha dá dtagraítear san Airteagal seo na forálacha is gá i dtaca le coimircí dlíthiúla.

--------------------------------------------------