Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL XXII: TURASÓIREACHT - Airteagal 195
Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0135 - 0135
Airteagal 195 1. Comhlánóidh an tAontas gníomhaíocht na mBallstát in earnáil na turasóireachta, go háirithe trí iomaíochas fhiontair an Aontais inti a chur chun cinn. Chuige sin, díreofar gníomhaíocht an Aontais ar na nithe seo a leanas: (a) cruthú timpeallachta a spreagadh a bheidh fabhrach d'fhorbairt na bhfiontar san earnáil seo; (b) comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn, go háirithe trí mhalartú dea-chleachtais. 2. Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta sonracha arb é is aidhm dóibh gníomhaíochtaí laistigh de na Ballstáit a chomhlánú chun na cuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo a ghnóthú, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát. --------------------------------------------------