12008E189

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL XIX: TAIGHDE AGUS FORBAIRT THEICNEOLAÍOCH AGUS AN SPÁS - Airteagal 189

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0131 - 0132


Airteagal 189

1. Ullmhóidh an tAontas beartas spáis d'fhonn an forás eolaíoch agus teicniúil, an t-iomaíochas tionsclaíoch agus cur chun feidhme a chuid beartas a chur chun cinn. Chuige sin, féadfaidh sé tionscnaimh chomhpháirteacha a chur chun cinn, tacú leis an taighde agus leis an bhforbairt theicneolaíoch agus comhordú a dhéanamh ar na hiarrachtaí is gá a dhéanamh chun an spás a thaiscéaladh agus a shaothrú.

2. D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na bearta is gá a bhunú, a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm cláir Eorpaigh spáis, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

3. Bunóidh an tAontas gach caidreamh is iomchuí leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis.

4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo dochar d'fhorálacha eile an Teidil seo.

--------------------------------------------------