12008E174

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL XVIII: COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH, SÓISIALTA AGUS CRÍOCHACH - Airteagal 174 (sean-Airteagal 158 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0127 - 0127


Airteagal 174

(sean-Airteagal 158 CCE)

D'fhonn a fhorbairt chomhchuí i gcoitinne a chur ar aghaidh, déanfaidh an tAontas a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú.

Féachfaidh an tAontas go háirithe leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú.

As na réigiúin lena mbaineann, tabharfar aird faoi leith ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus ar nós na réigiún oileánach, na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhteach.

--------------------------------------------------