12008E169

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh - CUID A TRÍ: BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS - TEIDEAL XV: COSAINT AN TOMHALTÓRA - Airteagal 169 (sean-Airteagal 153 CCE)

Official Journal 115 , 09/05/2008 P. 0124 - 0124


Airteagal 169

(sean-Airteagal 153 CCE)

1. Chun leasanna na dtomhaltóirí a chur ar aghaidh agus chun ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a áirithiú, rannchuideoidh an tAontas le sláinte, sábháilteacht agus leasanna eacnamaíocha na dtomhaltóirí a chosaint, maille lena gceart a chur ar aghaidh chun faisnéise agus oideachais agus chun iad féin a eagrú ar mhaithe lena leasanna a choimirciú.

2. Rannchuideoidh an tAontas leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú:

(a) trí bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal 114 faoi chuimsiú chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh;

(b) trí bhearta a thacaíonn leis an mbeartas arna shaothrú ag na Ballstáit, a fhorlíonann é agus a dhéanann faireachán air.

3. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na bearta dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 a ghlacadh.

4. Ní chuirfidh bearta arna nglacadh de bhun mhír 3 cosc ar aon Bhallstát bearta cosanta níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach. Ní mór do bhearta den sórt sin a bheith ag luí leis na Conarthaí. Cuirfear in iúl don Choimisiún iad.

--------------------------------------------------